An Baile

Radharc suas ar barr an bhaile i 1956

Is baile fearainn é Loch Con Aortha atá suite in Iorras Aithneach. Tá an baile 40 míle siar ó chathair na Gaillimhe ar bhóthar an R340. Tá an baile i bparóiste Mhaíghrois, i nDeoise Thuama agus i dtoghcheantar Abhainn Ghabhla. Tá thart ar 1,434 acra ar mhéid an bhaile agus an chuid is mó de ina phortach. Ar nós gach baile eile sa gceantar, tá ísliú suntasach tagtha ar dhaonra an bhaile le 20 bliain. Léirigh figiúirí ag tús 2017 nach raibh ach 51 duine ina gcónaí i Loch Con Aortha.

Tá logainmneacha na hÉireann fite fuaite le stair na tíre. Is féidir go leor de stair na háite a insint le hainmneacha na mbailte fearainn, aibhneacha, garrantaí, clocha agus gleannta. Tugann siad léargas ar stair shóisialta an cheantair, agus ar na daoine a mhair ann.

Ag taisteal siar an bóthar tríd an mbaile dhuit, is é Cnoc Mordáin, ard géar, ó thuaidh, agus atá ar síneadh siar le fad an bhaile, a bhéas ag tarraingt d’amhairc. De réir an tseanchais bhí baint ag Mordán leis na Tuatha dé Danann, agus go mba é Rí na dTaibhsí é. Tá rúndiamhaireacht na mílte bliain le mothú san áit, agus bíonn Mordán ag athrú dathanna de réir mar a bhíonn an ghrian ag dul deiseal sa spéir.

Is logainm é Loch Con Aortha atá gan brí: ní dhéanann na trí fhocal le chéile aon chiall mar ainm baile fearainn.

Fuair muid scéal suimiúil ó Eddie Bheairtle Ó Conghaile as an Aird Thiar, agus fuair seisean é ó Shéamus Sheáin Mac Con Iomaire as Cill Chiaráin, faoi ainmniú an bhaile. De réir mar a dúirt sé, bhíodh leigheas d’fhaithneachaí agus galraí craicinn san uisce a d’fhanfadh ar chloch eibhir áithríd amháin atá in aice le tigh Tommy Mharcaisín Ó Clochartaigh thuas i mbarr an bhaile.

Théadh daoine chomh fada leis an gcloch seo agus d’abródh siad an rann seo trí huaire mar ortha:

“Uisce chloch gan iarraidh, ní go d’iarraidh atáim”
“Uisce chloch gan iarraidh, ní go d’iarraidh atáim”
“Uisce chloch gan iarraidh, ní go d’iarraidh atáim,
ach ag iarraidh leigheas”.

Má deirtear na focla “cloch gan iarraidh” arís agus aríst eile, tiocfaidh tú ar an bhfuaim chéanna le Loch Con Aortha, agus de réir na mblianta d’athraigh foclaíocht na bhfuaime seo. Is iomaí litriú eile a bhí le hainm an bhaile i gcáipéisí éagsúla i rith na mblianta, ar nós Loch Con Uidhre, Lochán Iarthach, Loch Uí Chonaire, Loch Mhac an Uidhre.

Get in touch
history of area
view map

Loch Con Aortha

Ó abhainn Loch Con Aortha
Siar go Flannery Bridge,
Tá sé míle amháin achair
Is beagán le cois.

Is baile é atá fairsinge
Ó chladach go sliabh,
Lena ghleanta mín foscúil
A bhí torthúil a riamh.

Bhí an daonra go tiubh ann
San am atá thart,
Ag coimhlint is ag strachailt
Le stuam is le neart.

Ag cardáil is ag cniotáil
Ag deisiú is ag sníomh,
Gan trácht ar na stiléirí
A thiarna cér díobh.

Bhí síbín ar an mbaile
Tí na baintrí mo léan.
Bhí siopa ag díol beatha
Is crua earraí mar aon.

Bhí tornóg mhór aoil ann
Atá ag seasamh go fóill,
Mar ráiteas ar chnocán
I gciúnas gan fóir.

Bhí tionscal bhreá trátaí,
Torathaí is éanlaith,
A bhí ag feidhmiú mar ghnó
Gur chlis ar an éileamh.

Bhí fiodóirí tráth ann
Is gréasaithe bróg,
Scéalaithe is seanchaí
Idir aosta is óg.

Chonaigh filí ann tráth
Ag fágáil a gceacht,
Trí shamhlaíocht a n-aigne
Go spioradúil beacht.

Bhí báid seoil ar an mbaile
Leath bháid is báid mhór.
Ag tarraingt mhóna go hÁrann
Le fir mhaith dhá ngabháil.

Bhí céibh foscúil sa Dóilín
Is Aill na dTornóg uaidh siar.
Ach b’é céibh Aill na gCapall
Ba shantaigh de shiar.

Bhí na mná. Ó na mná
A d’oibre go fial.
Ba sa gcúlráid a d’fhan siad
Le humhlaíocht is ciall,

Bhí chun oibriú sna garraithe
Sa gcladach is ar shliabh,
Chomh maith le sa mbaile
Gan deireadh leis ’riamh.

Bhí feamainn mar leasú
Bhí capaill is cairr,
Ach de na modhanna iompair
B’é an t-asal ab fhearr.

Bhí scoil ar an mbaile
Le daonra ard tráth,
Siar san am a raibh ganntan
Gan measa an fáth.

Tá an scoil anois dúnta
Gan oscailt arís,
Leis na páistí úd scaipthe
Le ham is le haois.

Bhí an daonra chun cúlú
Bhí an imirce dian,
Ag fágáil na haostaigh
In uaigneas is pian.

Tá na fíodóirí imithe
Is na gréasaithe bróg,
Tá na scéalaithe ar seachrán
In easpa dream óg.

Ach tá dóchas is muinín
Le Mordán sa chúl,
Do bhaile a bhí gníomhach
Nach leis atá súil.

Paddy Mhéime Ó Súilleabháin

Top