Loch Con Aortha

Ó abhainn Loch Con Aortha
Siar go Flannery Bridge,
Tá sé míle amháin achair
Is beagán le cois.

Is baile é atá fairsinge
Ó chladach go sliabh,
Lena ghleanta mín foscúil
A bhí torthúil a riamh.

Bhí an daonra go tiubh ann
San am atá thart,
Ag coimhlint is ag strachailt
Le stuam is le neart.

Ag cardáil is ag cniotáil
Ag deisiú is ag sníomh,
Gan trácht ar na stiléirí
A thiarna cér díobh.

Bhí síbín ar an mbaile
Tí na baintrí mo léan.
Bhí siopa ag díol beatha
Is crua earraí mar aon.

Bhí tornóg mhór aoil ann
Atá ag seasamh go fóill,
Mar ráiteas ar chnocán
I gciúnas gan fóir.

Bhí tionscal bhreá trátaí,
Torathaí is éanlaith,
A bhí ag feidhmiú mar ghnó
Gur chlis ar an éileamh.

Bhí fiodóirí tráth ann
Is gréasaithe bróg,
Scéalaithe is seanchaí
Idir aosta is óg.

Chonaigh filí ann tráth
Ag fágáil a gceacht,
Trí shamhlaíocht a n-aigne
Go spioradúil beacht.

Bhí báid seoil ar an mbaile
Leath bháid is báid mhór.
Ag tarraingt mhóna go hÁrann
Le fir mhaith dhá ngabháil.

Bhí céibh foscúil sa Dóilín
Is Aill na dTornóg uaidh siar.
Ach b’é céibh Aill na gCapall
Ba shantaigh de shiar.

Bhí na mná. Ó na mná
A d’oibre go fial.
Ba sa gcúlráid a d’fhan siad
Le humhlaíocht is ciall,

Bhí chun oibriú sna garraithe
Sa gcladach is ar shliabh,
Chomh maith le sa mbaile
Gan deireadh leis ’riamh.

Bhí feamainn mar leasú
Bhí capaill is cairr,
Ach de na modhanna iompair
B’é an t-asal ab fhearr.

Bhí scoil ar an mbaile
Le daonra ard tráth,
Siar san am a raibh ganntan
Gan measa an fáth.

Tá an scoil anois dúnta
Gan oscailt arís,
Leis na páistí úd scaipthe
Le ham is le haois.

Bhí an daonra chun cúlú
Bhí an imirce dian,
Ag fágáil na haostaigh
In uaigneas is pian.

Tá na fíodóirí imithe
Is na gréasaithe bróg,
Tá na scéalaithe ar seachrán
In easpa dream óg.

Ach tá dóchas is muinín
Le Mordán sa chúl,
Do bhaile a bhí gníomhach
Nach leis atá súil.

Paddy Mhéime Ó Súilleabháin

Get in touch
history of area
view map
Top